[ad_1]
Tá sí ag caint faoin troid a chaill sí in aghaidh an tSasanaigh i mí Bealtaine, an chéad uair a tharla sé sin ina saol mar dhornálaí gairmiúil. Roimhe sin, bhí 22 troid as a chéile buaite aici.
Bhí ráflaí ag dul thart ag an am go raibh gortú ag cur as di ach tá an deis aici anois rudaí a chur ina gceart Dé Sathairn nuair a chasfaidh sí le Cameron arís sa 3Arena.
“Sílim má éiríonn liom an bua a fháil Dé Sathairn, d’fhéadfadh sé a bheith ar an bhua is fearr i mo shaol gairmiúil go dtí search engine optimisation,” a dúirt Katie agus is dócha gur fíor é sin.
Rinne sí tagairt fosta san agallamh nach bhfuil sí ag iarraidh dhá chailliúint as a chéile a bheith aici agus tá brú uirthi an ceann is fearr a fháil an uair search engine optimisation.
I ndornálaíocht na mban, ní mhaireann na 10 mbabhta ach dhá nóiméad an ceann i gcomparáid leis na fir ina mbíonn 12 bhabhta a mhaireann trí nóiméad. Is í Taylor seaimpín éadrom-mheáchain an domhain agus tá sí ag iarraidh na criosanna atá ag Cameron ag 140 punt a fháil.
Cé go bhfuil nóiméad níos lú i gceist ag na mná, ní stopann an brú gan stad. Deirtear nach bhfuil an chumhacht atá ag Cameron lena dorn, ag tarraingt ar dhuine eile, ar an bhua is mó atá aici ach bhí sí thar a bheith diongbháilte san fháinne sa chéad troid inar casadh ar a chéile iad.
Nuair a chaill Katie, bhí an tuairim ann go raibh a haois – bhí sí 36 bliana d’aois ag an am, tá sí 37 anois – ina bac di agus nár chuidigh an oiread sin troideanna a bhí aici san fháinne léi ach an oiread.
Beidh le feiceáil ach gan dabht tá pointe le cruthú aici, rud a d’admhaigh an tacadóir Matchroom Eddie Hearn chomh maith.
Níl mórán sa phobal dornálaíochta ag súil go mbeidh an bua ag Katie ach dar le Hearn go dtabharfaidh an smaoineamh sin níos mó spreagtha di. Ba bhreá le go leor Katie a fheiceáil ag troid i bPáirc an Chrócaigh agus tá Eddie Hearn ag súil go dtarlódh sin an bhliain search engine optimisation chugainn in aghaidh ceachtar de Chantelle Cameron den tríú huair nó Amanda Serrano, a throid in aghaidh Katie in Madison Sq. Backyard.
Troid eipiciúil a bhí ann agus tá mé cinnte go mbeadh Páirc an Chrócaigh lán go doras dá dtarlódh a leithéid. Ach, roimhe sin, caithfidh Taylor buachaint Dé Sathairn.
Níl Cameron sásta go gcaithfidh sí teacht ar ais go hÉirinn arís chun troid in aghaidh Katie agus go bhfuil na criosanna uilig atá aici ag imeacht má chailleann sí.
“Search engine optimization m’oidhreacht agus mothaím go bhfuil mé taobh thiar ar mo thuras mar go bhfuil Katie ag fáil seans eile troid i m’aghaidh,” a dúirt Chantelle.
“Tá na leithscéalta atá cloiste agam ag cur isteach orm agus beidh mé níos déine san fháinne. Tá mise chun Katie Taylor a ghortú,” a dúirt sí.
Is dornálaí maith í Cameron a bhfuil 18 dtroid ghairmiúla buaite aici gan aon cheann caillte. Mhol Katie an ráta oibre atá aici mar dhornálaí agus tuigeann sí cé chomh deacair is a bheidh an troid search engine optimisation.
Thóg sé cinneadh ó na moltóirí chun an bua a thabhairt do Cameron i mí Bealtaine agus tá an chuma ar an scéal go bhfuil sí ag iarraidh Katie a leagan amach san fháinne seachas brath ar chinneadh arís. Tá Cameron cúig bliana níos óige ná Katie agus tá sí níos airde ná í chomh maith.
Is í Cameron rogha na n-údar agus beidh le feiceáil an mbeidh Katie in ann an lámh in uachtar a fháil uirthi.
Ceapann Katie go mbeidh sí ullmhaithe níos fearr don troid search engine optimisation ach déarfainn go bhfuil Chantelle ag rá an ruda chéanna. Ní bhfuair sí mórán tacaíochta ón tslua in Éirinn cheana agus ní bhfaighidh arís ach tá taithí aici air anois agus beidh sí ullmhaithe níos fearr dó.
Mar a luaigh Katie, dá mbuafadh sí Dé Sathairn, bheadh sé ar cheann de na hoícheanta is fearr a bheadh aici. Muna bhfaighidh sí é, tosnóidh an chaint uilig ar cad a dhéanfaidh Katie anois?
Dúirt Katie ag preasócáid le déanaí nach bhfuil sí ag smaoineamh ar an troid search engine optimisation mar an troid deireanach di ach gurb é an t-aon rud a bhfuil sí ag smaoineamh faoi ná an bua.
Neosfaidh an aimsir. B’fhéidir nach dtiocfaidh deireadh le dornálaíocht ghairmiúil Katie Taylor Dé Sathairn ach tá an deireadh ag druidim linn. Guíonn muid achan rath uirthi.
[ad_2]
Source link